Fáilte chuig bialann An Half Door. Táimid lonnaithe sa Daingean, baile gleoite i gContae Chiarraí. D’oscail Denis agus Teresa O’Connor an bhialann sa bhliain 1990 agus tá an chéad ghlúin eile ina bhun anois. Tá cáil orainn as feabhas ár gcuid bídh agus as an tseirbhís den scoth a chuirimid ar fáil. Má tá ócáid speisialta le ceiliúradh agat nó díreach go bhfuil béile iontach uait, beidh tú ar do shástacht anseo.
Leagaimid béim ar chaighdeán den scoth i gcónaí. Cuirimid sár-bhéilí ar fáil dár gcustaiméirí, ullmhaithe leis an gcuid is fearr de bhia orgánach na hÉireann agus rogha iontach fíona le cur ina theannta. Gheobhaidh tú seirbhís gan cháim ónár bhfoireann agus beimid ag súil go mbeidh dea-chuimhní agat ar do chuairt ar an Half Door.
Anois agus Denis agus Teresa imithe ar scor, cuireadh tús le caibidil nua do Half Door in 2022. Is é Conor, mac an tí, atá i mbun an ghnó anois lena pháirtí Eileen. Leanfaidh siad leis an ardchaighdeán a chuir ainm an Half Door in airde agus tabharfaidh siad a gcumas agus a mbuanna féin leo chun casadh nua a bhaint as bia comhaimseartha na hÉireann.
Tá Conor agus Eileen ag súil le fáilte a chur romhat chuig an Half Door!